Rinn Duáin
30/06/2011Chuaigh Rang 4 ar thuras scoile chuig Rinn Duáin i mbliana!
Bhí lá spóirt ag an scoil an Mháirt seo caite. D’eagraigh Múinteoir Maitiú na himeachtaí ar fad agus bhain gach éinne taitneamh agus tairbhe astu. Seo iad na grianghraif a thóg Múinteoir Fionntán den lá. Feictear na gníomhaíochtaí ag na stáisiúin éagsúla iontu agus freisin na rásaí.
Thóg Múinteoir Fionntán na grianghraif áille seo de rang a haon agus a dó agus iad ar a dturas scoile ag Feirm Shruthaile le déanaí.
D’fhás rang a haon bláthanna gréine agus lusanna an chromchinn ina seomra ranga i mbliana. Nuair a chuireadar ar dtús iad ní raibh aon rud le feiceáil sna potaí ach tá siad fíor-ard anois!
Is aoibhinn le rang a haon bláthanna. Seo portráid de gach duine acu le tiúilip a d’fhásadar ar scoil.
D’oibrigh rang a haon go dian agus iad i mbun garraíodóireachta i mbliana. Tharraing siad a lán fiailí chun cabhrú lena bplandaí fás.
Líon na páistí sa scoil boscaí bróg le bréagáin, éadaí, leabhair srl le tabhairt do pháistí i dtíortha eile timpeall an domhain um Nollaig. Tháinig veain speisialta chun iad a bhailiú.
Ghléas na paistí agus na múinteoirí suas i gcomhair Oíche Shamhna arís i mbliana. Seo sampla de na feistis a bhí le feiceáil sa scoil an lá sin.
Rinne na páistí i rang a haon sailéid bhlasta leis na glasraí a d’fhásadar ina mbosca féin. Ní raibh ocras ar éinne sa rang an tráthnóna sin!
Tá íomhánna áille den nádúr timpeall orainn le feiceáil i gceantar na scoile. D’éirigh le Múinteoir Fionntán agus le roinnt páistí ó rang a haon na cinn seo a ghlacadh lena cheamara i rith na bliana. Bhuaigh cailín amháin sa rang duais dá bharr ó Chomhairle Chontae Loch Garman.